Deirtear linn go bhfuil feabhas tar éis teacht ar an ngeilleagar, go bhfuil níos mó airgid ag muintir na tíre. Do dhaoine i ngrá le carranna ciallaíonn sé sin gur féidir linn carranna iontacha a cheannach ach de réir an chúlaithe eacnamaíochta níl muid chomh flaithiúil is a bhí muid roimhe sin. Tá an tádh linn go bhfuil carranna ann atá saor go leor ó thaobh praghais agus úsáid de agus atá taitneamhach a thiomáint. Ag leanúint sraithe d’athbhreithniú ar charranna nua, chabhraigh na saineolaithe CompleteCar.ie linn na deich gcarr is tapúla, is deise agus ar phraghas réasúnta ar an margadh dara láimhe a aimsiú.
An Rogha Shoiléir
Volkswagen Golf GTI MkV – 2005
- Praghas: €5,500 – €7,500
- Cumhacht/torc: 200ec/280Nm
- 0100km: 7.0 soicind
- Lánluas: 235km/u
- Caitheamh Breosla: 8.0 lítear/100km (35msg)
- Mótarcháin: €710
- Spraoi: 7/10
- Luach: 5/10
Tá sé níos fearr an ceann seo a lua go luath, níorbh fhéidir linn scéal Saor agus Spraíúil a dhéanamh gan tionscadal carr MicksGarage a lua. I dtuairim a lán daoine tá Volkswagen ar ais arís tar éis an díomá a bhain leis an MkIV GTI. Tógtha go láidir, tá inneall TFSI le 200 each-chumhacht aige, rud atá láidir gan a bheith róchraiceáilte. Tá an fuaidreán níos ísle agus níos righin ná an gnáth-Golf ach fós is gnáth carr tiomána laethúil é an GTI MkV.
An Ceann Díosail
Skoda Octavia RS TDI – 2007
- Praghas: €5,000 – €8,000
- Cumhacht/torc: 170 ec /350Nm
- 0100km: 8.2 soicind
- Lánlas: 225km/u
- Caitheamh Breosla: 5.7 lítear /100km (49msg)
- Mótarcháin: €710
- Spraoi: 6/10
- Luach: 9/10
Tagann an Skoda Octavia RS ón gclann céanna den Golf GTI agus fiú amháin más féidir leat é a fháil le hinneall Volkswagen 200ec, is é an leagan díosail 170ec a oibríonn sé is fearr leis. Níl sé chomh dathúil leis an Golf, is carr tapaigh rúnda é, chomh rúnda, nach gceapfá go sroichfeadh sé 100km/u in 8 soicind! Chomh maith leis sin, má thiomáintear ar ghnáthluas, faightear 50 lítear in aghaidh an ghalúin ón Octavia.
An Ceann Inathraithe
Mazda MX5 – 2007
- Praghas: €7,000 – €9,000
- Cumhacht/torc: 125 ec /167Nm
- 0100km: 9.6 soicind
- Lánluas: 195km/u
- Caitheamh Breosla: 7.2 lítear /100km (39msg)
- Mótarcháin: €636
- Spraoi: 9/10
- Luach: 7/10
Gaoth i do ghruaig, cumhacht seolta chuig do rothair deiridh tríd lámhgiarbhosca, cad eile atá á lorg agat? Ceart agat - luach. Fiú amháin mura bhfuil sé chomh héadrom is a bhí an chéad MX5, níl sé trom agus cabhraíonn an easpa meáchain seo leis an gcaitheamh breosla 39msg agus feidhmíocht an chairr seo. B’fhéidir go gceapfá go bhfuil timpeall 120ec íseal go leor ach sa MX5 mothaíonn sé i bhfad níos fearr ná maith go leor.
An Leagan “i nDáiríre?!”
Smart Roadster Coupé – 2004
- Praghas: €5000 – €6,000
- Cumhacht/torc: 80ec/110Nm
- 0100 km: 10.6 soicind
- Lánluas: 178km/u
- Caitheamh Breosla: 5.1 lítear /100km (55msg)
- Mótarcháin: €199
- Spraoi: 7/10
- Luach: 10/10
Is ea, i ndáiríre. Is carr dathúil le láimhseáil ghéar agus inneall turbaluchtaireach, céard eile atá uait? Ar chuala tú gurb inneall 700cc, tríshorcóir é a chosnaíonn níos lú ná 200euro ó thaobh cánach de agus de bharr éadroime an chairr, tugann sé 55msg duit? An taon fhadhb leis ná go bhfuil giarbhosca uathoibríoch ann, ach is é sin an taon fhadhb amháin leis an gcarr iontach seo.
An Cairtín
MINI Cooper S – 2006
- Praghas: €6,000 – €8,000
- Cumhacht/torc: 185hp/260Nm
- 0100km: 6.8 soicind
- Lánluas: 228km/u
- Caitheamh Breosla: 5.9 lítear /100km (48msg)
- Mótarcháin: €514
- Spraoi: 8/10
- Luach: 7/10
Ba mhaith linn an bunCooper S le hinneall sárluchtaireach a úsáid (don torann amháin), ach chun an fhírinne a insint, úsáideann sé an méid sin breosla go gceapfá go bhfuil poll san umar breosla. Freisin, is toisc go bhfuil 20ec níos mó ag an gceann turbaluchtaireach, a chabhraíonn le luas níos fearr agus toisc go bhfuil fuaidreán leasaithe, a chabhraíonn le spiorad an chairtín a láidriú gurb é an rogha is fearr an Cooper S den dara glúin gan dabht.
An Ceann Dathúil
Alfa Romeo GT JTD – 2007
- Praghas: €7,000 – €8,000
- Cumhacht/torc: 150ec/305Nm
- 0100km: 9.3 soicind
- Lánluas: 210km/u
- Caitheamh Breosla: 6.3 lítear /100km (45msg)
- Mótarcháin: €673
- Spraoi: 6/10
- Luach: 7/10
An féidir le hAlfa Romeo tosú ag dearadh carranna mar seo arís? Is ábhar iontach é an GT agus le hinneall díosail JTD 150ec cloíonn sé leis an téama saor agus spraíúil. Go teicniúil is ceann de na carranna níos moille ar an liosta é seo ach cosúil le gach carr díosail, is an torc sa mheánréimse a léiríonn gur rogha bhailí é seo.
An Ceann Iontais
Renault Twingo GT – 2008
- Praghas: €4,500 – €6,000
- Cumhacht/torc: 100ec/155Nm
- 0100km: 9.5 soicind
- Lánluas: 190km/u
- Caitheamh Breosla: 5.8 lítear /100km (49msg)
- Mótarcháin: €330
- Spraoi: 6/10
- Luach: 8/10
Beidh sé éasca an Renaultsport Twingo a roghnú agus sin deireadh leis ach níl mórán difríochta spraoi idir é féin agus an GT a thiomáint. Is carr éifeachtach é le corp éadrom agus inneall turbaluchtaireach TCE le 100ec. Níl sé sa catagóir chéanna le carr díosail maidir le caitheamh breosla ach an bhfuil aon charr cathrach mar sin?
An Cheann Neamhchoitianta
Volkswagen Lupo GTI – 2002
- Praghas: €5,000 – €7,000
- Cumhacht/torc: 125ec/152Nm
- 0100km: 8.0 soicind
- Lánluas: 205km/u
- Caitheamh Breosla: 7.4 lítear /100km (38msg)
- Mótarcháin: €514
- Spraoi: 8/10
- Luach: 6/10
Cáil ar mar chomharba i spiorad don bhun-Golf GTI, bíonn sé níos deacra teacht ar cheann gach bliain. Ní ligeann lucht leanúna an chairr seo uaidh é agus de dheasca go bhfuil an luach ag ardú beidh sé deacair duit teacht ar cheann sa cheantar seo. Le hinneall peitril 125ec, fráma beag agus 40 míle in aghaidh an ghalúin is féidir a thusicint cén fáth go bhfuil suim ag a lán daoine sa charr seo.
An Ceann Speisialta
BMW 535d – 2006
- Praghas: €8,500 – €10,000
- Cumhacht/torc: 270ec/560Nm
- 0100km: 6.3 soicind
- Lánluas: 250km/u
- Caitheamh Breosla: 8.1 lítear /100km (35msg)
- Mótarcháin: €1,494
- Spraoi: 7/10
- Luach: 5/10
Ar lainseáil an BMW 535d, bhí ionadh ar dhaoine go raibh sé níos tapa timpeall cúrsa Hockenheim ná an 540i, a bhí níos cumhachtaí. B’fhéidir nach bhfuil 270ec ó inneall sé díreach dhá turbadh chomh mórthaibhseach is a bhí sé ach is an 560Nm a ligeann don 535d dul níos tapa ar an mbóthar ná an M5. I gcatagóir caitheamh breosla níl 35msg chomh iontach sin ach nuair a smaoiníonn tú ar an gcumhacht a thagann leis...
An Ceann ‘Is Cuma Liom Faoi Chaitheamh Breosla!’
MercedesBenz E 55 AMG – 2003
- Praghas: €10,000 up
- Cumhacht/torc: 470ec/700Nm
- 0100km: 4.5 soicind
- Lánluas: 250km/u
- Caitheamh Breosla: 13.5 lítear /100km (21msg)
- Mótarcháin: €1,809
- Spraoi: 9/10
- Luach: 0/10
Tá sé soiléir nár léigh duine éigin an teideal mar níl aon tslí go cheapfá go bhfuil V8 sárluchtaireach 5.4 lítear ‘saor’. Ach é sin ráite, nuair a chloiseann tú gur díoladh an carr seo ar níos mó ná €150,000 nuair a bhí sé nua tá luach dochreidte ann ar phraghas €10,000. Beidh an tádh ort 20msg a bhaint as ach cloisfidh tú torann glórmhar agus bainfidh tú taitneamh as an eolas go bhfuil tú ag cabhrú leis an eacnamaíocht toisc an méid breosla atá tú ag ceannach.